Ráiteas ón gCathaoirleach

SÉ SIN FÍS SHOILÉIR I DTAOBH FHORBAIRT INBHUANAITHE CHALAFORT ÁTHA CLIATH AMACH ANSEO

Lucy McCaffrey — Cathaoirleach

Ráiteas ón gCathaoirleach

Athbhreithniú Trádála agus Airgeadais

Tá áthas orm a thuairisciú gur éirigh go han-mhaith arís eile le Comhlacht Chalafort Átha Cliath in 2018. Tháinig fás de 4.3% ar leibhéil thrádála i gcomparáid leis an mbliain roimhe agus baineadh amach tréchur níos mó ná a bhí riamh ag 38.0m olltonna. Le tréimhse fáis leanúnach le sé bliana anuas tháinig fás de 35.7% ar mhéideanna tríd an gCalafort agus de thoradh sin tá tréchur anois ag 7.1m tonna (22.8%) níos airde ná an buaicphointe in 2007 roimh an gcúlú eacnamaíochta.

Bhí baint ag an bhfás in 2018 sna hallmhairí agus sna honnmhairí araon. D'fhás allmhairí le 5.5% ó 21.5m tonna go 22.7m tonna agus d'fhás onnmhairí le 2.5% ó 14.9m tonna go 15.3m tonna. Bhí an fás láidir sna príomhearnálacha den ngnó mar thaca ag an bhfás sa trádáil. Tháinig fás de 3.0% go 31.0m tonna ar mhéideanna aonadaithe agus anois is ionann iad agus beagnach 82% de mhéideanna an Chalafoirt. Tháinig fás de 10.7% go 7.0m tonna ar na bulcmhéideanna tar éis fás láidir sna hallmháirí ola agus táirgí gránaigh / bia ainmhithe.

Chuir an fás i méideanna tréchuir le feidhmíocht airgeadais láidir arís in 2018 agus i dtaca leis seo:

  • Tháinig méadú 5.7% ar an láimhdeachas ó €85.5m go dtí €90.4m
  • Tháinig méadú 1.9% ar an mBrabús Oibriúcháin ó €46.5m go dtí €47.4m
  • Tháinig méadú 4.1% ó €53.6m go dtí €55.8m ar thuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (TRÚCDA)
  • Tháinig méadú 2.3% ar an mBrabús don Bhliain Airgeadais ó €40.6m go dtí €41.5m

I dtuarascálacha roimhe seo leag mé amach an obair atá déanta againn chun córas pleanála le struchtúr láidir a fhorbairt chun a chinntiú go leanann Comhlacht Chalafort Átha Cliath ar aghaidh le cur i bhfeidhm a phríomhshainordaithe, sé sin trádáil a éascú. Tá an córas pleanála seo bunaithe ar Mháistirphlean an Chomhlachta.

Máistirphlean Comhlachta Átha Cliath 2040 – Athbhreithnithe 2018

Le linn 2018 d'fhoilsíomar Máistirphlean 2040 – Athbhreithnithe 2018, ag nuashonrú plean forbartha fad-téarmach an Chalafoirt a foilsíodh ar an gcéad dul síos in 2012.

Thosaigh an chéad athbhreithniú ar an Máistirphlean in 2017 chun a chinntiú go mbíonn feidhm an Mháistirphlean fós iomchuí agus go mbaineann sé amach a chuspóir lárnach, sé sin fís shoiléir i dtaobh fhorbairt inbhuanaithe Chalafort Átha Cliath amach anseo.

Is é comhthéacs an athbhreithnithe ná borradh eacnamaíoch (agus sé bliana de fhás seasmhach i méideanna lastas agus curiarracht i ngach bliain le ceithre bliain anuas) agus teacht chun cinn an pholasaí náisiúnta le foilsiú Éire 2040 - An Tionscadal; An Creat Náisiúnta Pleanála.

Tá oibreacha forbartha an Mháistirphlean atá ag Calafort Átha Cliath chun tosaigh cheana féin, le Tionscadal Athfhorbartha Imchuach Alexandra tosaithe go maith agus le hinfheistíocht chaipitiúil de €1 bhilliún beartaithe sna deich mbliana amach romhainn. In áit eile, tá oibreacha tosaithe ar fhorbairt Chalafort Intíre Átha Cliath, 44 heicteár, cóngarach d'Aerfort Bhaile Átha Cliath. Idir seo agus 2040, samhlaítear tionscadail mhóra forbartha eile ar an taobh thuaidh den Chalafort agus ar Leithinis an Phoill Bhig chun fís forbartha Máistirphlean 2040 a chur i gcrích.

Le Máistirphlean 2040 - Athbhreithnithe 2018 leagtar amach ceithre phríomhathrú a bhaineann le pleananna forbartha an Chalafoirt:

  • Déanfar forbairt ar an gCalafort anois bunaithe ar an méanráta fáis bliantúil de 3.3% ó 2010 go 2040 in ionad an ráta 2.5% a moladh ar dtús in 2012
  • Beidh cumas an Chalafoirt méadaithe go ceann 2040 chun freastal ar an bhfás go cumas deiridh de 77m tonna comhlán seachas 60m tonna comhlán a bhí beartaithe ó thús in 2012.
  • Bainfear seo amach gan tuilleadh líonta i gCuan Bhaile Átha Cliath. Tá an rogha chun cumas an Chalafoirt a mhéadú agus leathnú soir go Cuan Bhaile Átha Cliath curtha as an áireamh go cinnte.
  • Samhlaíodh sa Mháistirphlean 2012-2040 an Calafort a dhoimhniú go 12.0m ar deireadh, ach níl sé sin chun tarlú anois agus beidh na hoibreacha reatha atá ag doimhniú an Chalafoirt 10.0m mar an dhoimhniú deiridh, ag críochnú próiseas a thosaigh san 18ú haois le críochnú Bhalla an Bhulla Theas.

Beidh an méadú ar chumas samhlaithe sa Mháistirphlean éascaithe ar an gcéad dul síos, le forbairt 44-heictéar Chalafort Intíre Átha Cliath suite 14km ó Chalafort Átha Cliath giota beag ón N2 agus ar an dara dul síos, trí shonraíocht tionscadal chun úsáid tailte an Chalafoirt ar Leithinis an Phoill Bhig a uasmhéadú bunaithe ar rochtain bhreisithe trí Bhealach Rochtana an Chalafoirt Theas (BRCT) nua.

Is ionann Máistirphlean 2040 - Athbhreithnithe 2018 agus tréimhse athbhreithnithe ocht mhí dhéag, le tacaíocht ó an-chuid chomharliúchán poiblí agus le críochnú staidéir mhóra comhshaoil, ina measc Staidéar Straitéiseach Iompair agus Measúnacht Straitéiseach, a aithníonn laghdú sa tionchar timpeallacht ó na forbairtí curtha chun tosaigh anois i gcomparáid leo siúd a bhí beartaithe ó thús in 2012.

Ó na pleananna aibhsithe sa Mháistirphlean 2040 Athbhreithnithe 2018, tá Calafort Átha Cliath ag tabhairt an dara thionscadal mór ón Máistirphlean (an Tionscadal MP2) chun tosaigh le haghaidh pleanála. Cuirfidh an Tionscadal MP2 cumas breise atá de dhíth go géar ar an dtaobh thuaidh den gCalafort le haghaidh seirbhísí Róró agus Lóló chuig na margaí sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-roinn na hEorpa.

Thairis sin, déanann an Máistirphlean cur síos ar fhorbairtí thailte an Chalafoirt ar Leithinis an Phoill Big, ina measc tógáil Bhealach Rochtana an Chalafoirt Theas (BRCT) nua chun rochtain a chur ar fáil idir Tollán Chalafort Átha Cliath agus tailte ar an dtaobh theas den gcalafort. Is ionann na forbairtí seo agus an tríú thionscadal mór mar aon leis an tionscadal deiridh den Mháistirphlean agus samhlóimid iad a bhaint amach faoi 2035.

Aithníonn an Máistirphlean go bhfuil gá le hathbhreithniú ar mhuirir bhonneagair Calafoirt chun a cinntiú go bhforbraíonn Calafort Átha Cliath ag teacht le polasaí Rialtais (cistiú nialasach an státchiste) agus de réir Rialachán Poirt an AE 2017/352 atá ag teacht i bhfeidhm i Márta 2019.

Léiríonn an Máistirphlean fís faoi oibreachtaí amach anseo ag an gCalafort agus déanann sé scrúdú géar ar conas is féidir úsáid taillte ag Calafort Átha Cliath a bharrfheabhsú le haghaidh cuspóirí trádála, ó thaobh earraí agus paisinéirí de.

Forbairt Bonneagair

Is é ceann de na príomhaschuir ó athbhreithniú an Mháistirphlean ná leagadh amach, ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath, na roghanna atá ar fáil chun éifeachtúlacht a mhéadú ag an gCalafort agus chun tuilleadh cumais tréchur a chur ar fáil don fás réamh-mheasta i dtonnáiste an Chalafoirt suas go 2040, agus ag an am céanna an Calafort a athchomhtháthú leis an gCathair.

Táimid ag déanamh imscrúdú ar conas is féidir an gréasán bóithre atá laistigh den Chalafort a fheabhsú chun gluaiseacht earraí éifeachtúil ó agus chuig na críochfoirt agus áiseanna éagsúla sa Chalafort a éascú. Tá na feabhsúcháin seo á ndéanamh chun a chinntiú go mbainfidh trácht lastais úsáid as Tollán Chalafort Átha Cliath agus acmhainn toilleadh an M50 ar bhealach sásúil ó agus chuig an Chalafort.

I measc na roghanna don bhonneagar aitheanta sa Mháistirphlean bhí féidearthacht de dhroichead nua idirnascaire thuaidh/theas don chalafort. Ó shin, chuir an tÚdarás Náisiúnta Iompair tairiscintí chun tosaigh ina Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016 - 2035 chun nascacht idir Tollán Chalafort Átha Cliath agus an Calafort Theas a fheabhsú le tógáil BRCT. Leis seo tagann féidearthacht de mhéadú suntasach i gcumas an Chalafoirt ar Leithinis an Phoill Bhig.

Níl roghchlár saintreorach feabhsúchán le haghaidh Calafoirt Átha Cliath i gceist leis na roghanna forbartha curtha i láthair sa Mháistirphlean Athbhreithnithe, áfach, ach clár de roghanna forbartha, ag brath ar éileamh agus ar chumas, agus ar na toilithe pleanála agus toilithe riachtanacha eile.

I gcás rátaí fáis amach anseo níos ísle ná mar a bhí réamh-mheasta, is féidir tionscadail ar leith a chur siar nó a chur ar ceal fiú. Áfach, tá sé riachtanach go dtéann an Comhlacht trí na próisis thoilithe riachtanacha leis na tionscadail chun a chinntiú gur féidir leis dul ar aghaidh in am chun tabhairt faoin bhfás ar éileamh amach anseo.

Leathadh agus an Timpeallacht

Is é ceann de na hathruithe is mó don Mháistirphlean ná an rogha gan tuilleadh líonadh a chur isteach i gCuan Bhaile Átha Cliath. Tugann Tuarascáil Chomhshaoil SEA le fios go bhfuil iarmhairtí féideartha na roghanna forbartha athbhreithnithe ina bhfeabhsúcháin ar an mbonnlíne a cruthaíodh nuair a foilsíodh an Máistirphlean ar dtús i bhFeabhra 2012.

Leanaimid ar aghaidh ag obair go dlúth leis an DCC, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus páirtithe leasmhara eile maidir le cur i bhfeidhm na dtairiscintí atá leagtha amach sa Mháistirphlean. Go háirithe, rachaidh Comhlacht Chalafort Átha Cliath (DPC) i ngleic leis na riachtanais a thagann faoi na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga i gcomhthéacs aon fhorbairt le hiarmhairt féideartha ar shuíomhanna Natura 2000.

Tá sé socruithe againn beartais sonraithe, mar atá aitheanta san SEA chun tionchair timpeallachta na bhforbairtí amach anseo a laghdú, a cur i bhfeidhm. Déanfar na beartais sin a fhorbairt go mion ag an gcéim staidéir agus ag an gcéim miondearaidh de na tionscadail amach anseo. Cuirfear clár i gcrích don mhonatóireacht timpeallachta, mar atá san SEA.

Ar deireadh, táimid tiomanta do Pholasaí Caipitil Nádúrtha a fhorbairt le haghaidh Chalafort Átha Cliath chun creat inbhuanaithe treorach a chur a fáil i bhforbairt agus in oibríocht Chalafort Átha Cliath araon.

Méideanna Tráchta Calafoirt

Breathnaíonn an Máistirphlean chomh maith ar an leathadh a d'fhéadfadh teacht ar mhéideanna tráchta Calafoirt sna blianta amach romhainn. Bunaithe ar na treochtaí reatha, Róró (rolladh ann-rolladh as) beidh lastas fós mar phríomh-chomhpháirt den trácht calafoirt suas go 2040. Is é soláthar agus úsáid éifeachtúil tailte i gcomhair lastais Róró an t-aon mhórdhúshlán amháin leagtha amach sa Mháistirphlean.

Le húsáid na n-áiseanna reatha mar aon leis an bhféidearthacht de thógáil áiseanna nua táimid sásta go mbeidh go leor cumais ag an gCalafort chun déileáil le méideanna trádála na gcoimeádán Lóló (ualaigh, díualaigh) idir seo agus 2040.

Aithnímid chomh maith go bhfuil ídiú táirgí peitriliam chun laghdú nuair a thagann na polasaithe náisiúnta agus AE maidir le fuinneamh agus athrú aeráide i bhfeidhm, agus déanfaimid iarracht na háiseanna peitriliam reatha i gCalafort Átha Cliath a athfhorbairt i gcomhair feidhmeanna éagsúla nuair a tharlaíonn sé seo.

Chun freastal ar an méid reatha agus an méid a bhfuiltear ag súil leis sa trádáil bhulcsholad agus chun gníomhaíocht lastais eile a éascú thar thréimhse an Mháistirphlean, beidh roinnt feabhsúchán mar aon le comhdhlúthú áiseanna láimhseála de dhíth.

Athchomhtháthú an Chalafoirt agus na Cathrach

Mar aon leis an bhfócas ar chumas an Chalafoirt, tabharfaidh an Máistirphlean treoir do fhorbairt Chalafort Átha Cliath chun an dara chuspóir, atá chomh tábhachtach leis an gcéad chuspóir, a bhaint amach agus sé sin Calafort Átha Cliath a athchomhtháthú le Cathair Bhaile Átha Cliath agus Cuan Bhaile Átha Cliath. Beidh réimse tionscadal agus tionscnamh bunaithe ar oidhreacht an Chalafoirt agus ar an timpeallacht nádúrtha i gceist leis seo. Le linn 2019, tá sé beartaithe againn tús a chur le tógáil an fhéarbhealaigh 4km do lucht siúlóide agus rothaithe ar imeall thuaidh an Chalafoirt le radharc amach ar Inbhear na Tulchann.

Athbhreithniú amach anseo

Tá an Máistirphlean athbhreithnithe bunaithe ar ár dtiomantas do phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe Chalafort Átha Cliath. Tá sraith tionscadal aitheanta againn a thabharfaidh an calafort chuig a chumas deiridh go ceann 2040, agus leis seo, na cuspóirí a bhaineann le Éire 2040 - An Tionscadal a thacú.

Is dúshlán nach beag é inbhuanaitheacht a bhaint amach agus táimid tiomanta i gCalafort Átha Cliath d'inbhuanaitheacht a bhaint amach i gcás oibríochtaí an chalafoirt. Go criticiúil, soláthraíonn an Máistirphlean cinnteacht maidir le réimse deiridh agus tionchar timpeallachta an Chalafoirt.

Ba é seo an chéad athbhreithniú ar Mháistirphlean 2012-2040. Beidh monatóireacht leanúnach ar fheidhmiúchán an Chalafoirt agus baint amach na gcuspóirí mar atá leagtha amach sa Mháistirphlean ríthábhachtach sa chur i bhfeidhm éifeachtúil. Mar sin, tá sé socraithe againn go mbeidh athbhreithniú bunúsach go tráthrialta, ar a dhéanaí gach 10 mbliana, chun a chinntiú go gcloíonn cúrsa an Chalafoirt leis an gcúrsa atá de dhíth.

I gcás a leithéid d'athbhreithniú, beidh comhairliúchán againn le páirtithe leasmhara seachtracha chun a chinntiú go leanann an plean ar aghaidh ag tabhairt an réiteach is fearr le haghaidh fhorbairt an Chalafoirt, forbairt na cathrach, agus caomhnú is cosaint Chuan Bhaile Átha Cliath. Tá an chéad athbhreithniú eile ar an Máistirphlean le déanamh idir 2023 agus 2028.

Conclúid

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann bainistíochta agus an fhoireann go léir ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath as a gcuid tiomantas leanúnach ar son rathúlacht an Chalafoirt. Aithním go háirithe ceannaireacht iontach an POF, Eamonn O’Reilly, agus an dóigh phroifisiúnta inar stiúir sé an Comhlacht trí chéimeanna tosaigh feidhmithe an Mháistirphlean.

De bhreis ar bhuíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí as a ngnó leanúnach, ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bpáirtithe leasmhara go léir as a gcuid cabhrach agus tacaíochta i gcúrsa na bliana.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus leis an bhfoireann díograiseach sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt as a dtacaíocht agus rannpháirteachas gníomhach linn i rith 2018.

Mar chríoch, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar an mBord as a gcuid oibre le linn na bliana seo caite.

Lucy McCaffrey

Cathaoirleach

29 Márta 2019