Tuarascáil na Stiúrthóirí

Cuireann na Stiúrthóirí i láthair a dTuarascáil Bhliantúil mar aon le ráitis airgeadais iniúchta an Chomhlachta don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2018.

Freagracht na Stiúrthóirí as na Ráitis Airgeadais

Tá na Stiúrthóirí freagrach as tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le dlí na hÉireann.

Faoi dhlí na hÉireann, éilítear ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais a thugann léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais an Chomhlachta ag deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús nó caillteanas an Chomhlachta don bhliain airgeadais. Faoin dlí sin, tá ráitis airgeadais ullmhaithe ag na Stiúrthóirí i gcomhréir leis an gCleachtas Cuntasaíochta a bhfuil Glacadh Leis go Ginearálta in Éirinn (caighdeáin chuntasaíochta arna n-eisiúint ag Comhairle um Thuairisciú Airgeadais RA, lena n-áirítear an Caighdeán um Thuairisciú Airgeadais (FRS) 102, arb é an caighdeán um thuairisciú airgeadais atá infheidhme sa RA agus i bPoblacht na hÉireann, agus atá curtha i bhfeidhm ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus ag dlí na hÉireann).

Faoi dhlí na hÉireann, ní fhaomhfaidh na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais ach amháin más rud é go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais an Chomhlachta ag deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús nó caillteanas an Chomhlachta don bhliain airgeadais.

Le linn do na ráitis airgeadais sin a bheith á n-ullmhú, éilítear ar na Stiúrthóirí:

  • polasaithe cuí cuntasaíochta a roghnú agus na polasaithe sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama;
  • a shonrú cibé ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme agus na caighdeáin sin a aithint, faoi réir aon imeachtaí ábhartha ó na caighdeáin sin a bheith nochta agus mínithe sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais; agus
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin má tá sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Comhlacht i mbun gnó.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as taifid leordhóthanacha chuntasaíochta a choimeád, ar leor iad:

  • chun idirbhearta an Chomhlachta a thaifeadadh agus a mhíniú i gceart;
  • chun sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas an Chomhlachta a fháil amach ag aon am agus le cruinneas réasúnta; agus
  • chun a chur ar chumas na Stiúrthóirí deimhin a dhéanamh de go gcloíonn na ráitis airgeadais le hAcht na gCuideachtaí 2014 agus chun na ráitis airgeadais sin a chur ar fáil i gcomhair iniúchta.

Chomh maith leis sin, tá na Stiúrthóirí freagrach as sócmhainní an Chomhlachta a chosaint agus, mar sin, as bearta réasúnta a dhéanamh chun calaois agus mírialtachtaí eile a bhrath agus a chosc.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as an bhfaisnéis chorparáideach agus airgeadais atá ar láithreán gréasáin an Chomhlachta a chothabháil, agus tá siad freagrach freisin as sláine na faisnéise sin. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir an reachtaíocht Éireannach lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh ráiteas airgeadais agus an reachtaíocht chéanna i ndlínsí eile.

Stádas Dlíthiúil

Cuideachta Gníomhaíochta Sainithe faoi theorainn scaireanna is ea Comhlacht Chalafort Átha Cliath, a bunaíodh í faoi reacht de bhun an Acht Cuanta, 1996 agus atá ionchorpraithe in Éirinn. An 3 Márta 1997, cuireadh an Comhlacht in ionad Bhord Calafoirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath, an t-eintiteas reachtúil a bhí freagrach roimhe sin as Calafort Átha Cliath. An dáta sin, ghlac Comhlacht Chalafort Átha Cliath ceannas ar fheidhmeanna an Bhoird agus fuair sí seilbh ar a shócmhainní agus dliteanais ag na luachálacha a comhaontaíodh leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am. Ag cuimhneamh ar na sócmhainní agus dliteanais, d’eisigh an Comhlacht scairchaipiteal de €7.648m chuig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am.

Le héifeacht ón 26 Iúil 1997, rinneadh údarás píolótaíochta Bhá Bhaile Átha Cliath den Comhlacht.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, aistríodh freagracht as Earnáil na gCalafort Tráchtála ón Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go dtí an t-Aire Iompair.

An 12 Iúil 2011, d’aistrigh an tAire Iompair sócmhainní agus dliteanais Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan chuig Comhlacht Chalafort Átha Cliath faoi Uimh. I.R. 361 de 2011.

Príomhghníomhaíochtaí

Is é cuspóir gnó Chomhlacht Chalafort Átha Cliath ná éascaíocht a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí agus daoine, agus ar shreafaí faisnéise baintí, tríd an gCalafort.

Cuireann an Comhlacht an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus an talamh a bhfuil dromchla crua air, ar fáil chun riachtanais na gcustaiméirí a chomhlíonadh maidir le haistriú éifeachtúil earraí agus paisinéirí idir na móid talún agus iompair ar muir.

Gintear ioncam, maidir leis na háiseanna sin a chur ar fáil, ó na nithe seo a leanas: dleachtanna soithigh, dleachtanna earraí, cíos agus na príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tarraingt agus píolótaíocht.

Taifid Chuntasaíochta

Is iad na bearta atá glactha ag na Stiúrthóirí chun comhlíonadh a ráthú maidir le hoibleagáid an Chomhlachta taifid leordhóthanacha chuntasaíochta a choimeád ná córais agus nósanna imeachta cuí a úsáid agus daoine inniúla a fhostú. Coimeádtar na taifid chuntasaíochta in oifig chláraithe an Chomhlachta, Lárionad an Chalafoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.

Athbhreithniú Gnó

Tá mionsonraí faoi bhrabús na bliana, mar aon le suimeanna comparáideacha le haghaidh 2017, leagtha amach sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais agus sna nótaí gaolmhara. Tá Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais an ghnóthais leagtha amach thíos agus san Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach.

Bhí an tréchur 4.3% níos airde ná 2017 ag 38.0 milliún tonna (2017: 36.4 milliún tonna). D’fhás onnmhairí 2.5% sa bhliain go dtí 15.3 milliún tonna (2017: 14.9 milliún tonna) agus d’fhás allmhairí 5.5% go dtí 22.7 milliún tonna (2017: 21.5 milliún tonna).

Ba é €90.4m láimhdeachas na bliana, méadú 5.7% ar an mbliain roimhe (2017: €85.5m).

Bhí €43.6m ar chostais oibriúcháin iomlána in 2018, sin méadú €2.7m (6.6%) ó 2017 (2017: €40.9m). Tháinig méadú €1.1m (9.7%) ar chostais phárolla a tháinig as méadú ar na daoine atá fostaithe mar aon le méadú pá. Tháinig méadú €2.2m ar chostais eile nach bhfuil baint acu le pá, a tháinig go príomha as costais réamhullmhúchána don Tionscadal MP2. Tharla laghdú €0.6m ar chostais pinsin, a tharla go príomha de bharr costas seirbhíse roimhe a tháinig chun cinn in 2017 mar aon le costais reatha seirbhíse laghdaithe.

Tháinig méadú €47.4m ar Bhrabús Oibriúcháin in 2018 ó €46.5m in 2017 mar thoradh ar Chorrlach Oibriúcháin de 52% (2017: 54%).

Ba iad na glanchostais oibriúcháin ná €0.5m (2017: costas €0.2m). Is ionann an Glanioncam Airgeadais agus €973k (2017: €254k).

Ba iad na glanmhuirir úis (gan ghlan-ús ar scéimeanna pinsean a bheith curtha san áireamh) ná €0.5m (2017: €0.4m) agus tá clúdach úis an Chomhlachta 94 uair (2017: 110 uair), bunaithe ar Bhrabús roimh Ús agus Cáin, níos mó ná na glanmhuirir úis. Tháinig laghdú ar an nGlanfhiachas ó €37.9m in 2017 go dtí €91.6m in 2018, agus cloíonn an Comhlacht go hiomlán le gach cúnant i leith a háiseanna iasachta.

Ba é brabús na bliana airgeadais ná €41.5m (2017: €40.6m).

Tháinig méadú ar an gCúlchiste Brabúis agus Caillteanais ó €393.7m amhail an 31 Nollaig 2017 go dtí €425.1m, agus tháinig méadú ar Chistí na Scairshealbhóirí ó €409.0m go dtí €440.4m sa tréimhse chéanna.

Tá tréchur sprice de 40.1 milliún tonna ag an gComhlacht le haghaidh 2019. Baineadh tréchur de 38.0 milliún tonna amach in 2018, sin 0.4% níos lú ná an 38.1 mhilliún tonna a bhí buiséadaithe.

Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha

Baineann ceann de na príomhéiginnteachtaí le tabhairt faoi le hacmhainn an Comhlacht cumas a sholáthar sa mhargadh. I mBealtaine 2018 d'fhoilsigh an Comhlacht “Máistirphlean Chalafoirt Átha Cliath 2040 - Athbhreithnithe 2018”, ag uasdátú an chéad Mháistirphlean a glacadh in 2012. Foilsíodh an Máistirphlean, athbhreithnithe, tar éis próiséas comhairliúchán poiblí forleathan.

Is é cuspóir an Mháistirphlean ná a léiriú do na páirtithe leasmhara go léir conas a fhorbrófar an Calafort chun freastal ar a riachtanais sna blianta amach anseo. I ndiaidh na hathbhreithnithe in 2018, aithníodh roinnt conclúidí bunúsacha mar seo a leanas;

  • Ar an gcéad dul síos, samhlaíodh sa Mháistirphlean filleadh ar leathnú Chalafoirt Átha Cliath soir isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, ach anois níl Comhlacht Chalafoirt Átha Cliath ag dul ar aghaidh leis mar rogha.
  • Ar an dara dul síos, chun freastal ar riachtanais cumais a bhfuiltear ag tnúth leo caithfear Calafort Átha Cliath a fhorbairt ar bhonn fhás meánach an mhéid bliantúil (AAGR) de 3.3% thar 30 bliain ó 2010 go 2040 in ionad 2.5% a measadh i dtosach in 2012. Mar thoradh ar sin, méadaítear an toilleadh atá ag teastáil do 2040 ó 60m tonna go dtí 77m tonna.

Leagann Máistirphlean 2040 amach creat agus faoin gcreat seo tabharfar tionscadail riachtanacha chun tosaigh le haghaidh pleanála agus toilithe eile chun a chinntiú go dtógfar na háiseanna in am chun freastal ar an éileamh.

Is é an chéad thionscadal mór a tugadh chun tosaigh faoin Máistirphlean ná Tionscadal Athfhorbartha Imchuach Alexandra agus lean tógáil ar an tionscadal seo in 2018. Tá sé ar intinn ag an gComhlacht an dara thionscadal mór, an Tionscadal MP2, a thabhairt chuig an mBord Pleanála le haghaidh pleanála in 2019.

Mar atá léirithe ag laghdú ar an trádáil sa dara leath den bhliain 2008, agus in 2009, tá an Chomhlacht gan chosaint, i gcúrsa a ghnáthoibríochtaí, i leith thionchar moillithe an gheilleagair ar ghníomhaíochtaí an Chalafoirt. Tháinig fás 36% ar thréchur trí Chalafort Átha Cliath le sé bliana anuas agus mar thoradh tá léibhéil trádála anois 23% níos airde ná an buaicphointe roimhe seo in 2007. Is soiléir go mbeidh tionchar go fóill ag a bhfuil i ndán go ginearálta do gheilleagar na hÉireann, ó thaobh eacnamaíochta de, ar ionchais fáis an Chomhlachta amach anseo.

Maidir leis seo, beidh toradh iarmhartach ar líonta Chalafort Átha Cliath ag tionchar Brexit ar gheilleagar na hÉireann ar an mórchóir, agus go háirithe ar an bhfás OTI. Anuas air sin, ag leibhéal níos praiticiúla, má tá Brexit crua ann agus leis sin rialuithe custaim, beidh ar an gComhlacht acmhainní talún gann a chur i leataobh chun freastail ar chustaim agus gníomhaireachtaí stáit eile. Thosaigh an Comhlacht le tógáil saoráidí iniúchta nua príomhúla chun a chinntiú go mbeidh na saoráidí ar fáil do na gníomhaireachtaí Stáit iomchuí roimh dháta Brxit, is é sin an 29 Márta 2019. Tá an Comhlacht ag obair chomh maith le hOifig na nOibreacha Poiblí agus na gníomhaireachtaí Stáit maidir le cur ar fáil saoráidí iniúchta tánaisteacha.

Tá an Comhlacht gan chosaint freisin i leith thionchar moillithe an gheilleagair ar a ghníomhaíochtaí neamhphríomha Calafoirt. Léiríodh é sin le laghdú ó €10.9m in 2001 go dtí €4.4m ag deireadh na bliana 2013 ar luach réadmhaoin infheistíochta an Chomhlachta atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. Rinne ár gcomhairleoirí réadmhaoine athluacháil ar an réadmhaoin ag deireadh na bliana 2018, nuair a méadaíodh a luach €0.6m go dtí €8.5m. Faoi láthair, tá laghdú carnach €2.4m tagtha ar luach na réadmhaoine.

Tá an Comhlacht tiomanta do neamhchosaint ar riosca a bhainistiú go rathúil agus do thionchar an riosca a íoslaghdú maidir le cuspóirí gnó a bhaint amach. Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchta agus Riosca le téarmaí tagartha ar leith a léiríonn ról an Choiste maidir le tacaíocht a thabhairt don Bhord chun nochtadh riosca an Chomhlachta a bhainistiú.

Tá Creat Bainistíochta Riosca curtha i bhfeidhm ag an gComhlacht a bhfuil na gnéithe seo a leanas ina gcuid de:

  • Próisis chun rioscaí a aithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur i gcatagóir,
  • Rioscaí a mheas agus a thomhas go leanúnach, agus
  • Monatóireacht a dhéanamh ar rioscaí agus iad a thuairisciú don Choiste Iniúchóireachta agus Riosca mar fhochoiste Boird.

Ina theannta sin, úsáidtear na bearta seo a leanas chun riosca iomlán na feidhmíochta gnó a bhainistiú:

  • Ullmhú Buiséid Bhliantúil agus Pleananna Airgeadais Cúig Bliana,
  • Tuairisciú agus Anailís ar Athraitheas mhíosúil,
  • Rialuithe Airgeadais,
  • Príomhtháscairí Feidhmíochta, agus
  • Polasaithe, Caighdeáin agus Treoirlínte mionsonraithe chun tacú le rialú agus le maolú rioscaí.

Bainistíocht Riosca Airgeadais

De bharr a cuid oibríochtaí, tá an Comhlacht gan chosaint i leith raon rioscaí airgeadais, lena n-áirítear riosca ráta úis, riosca creidmheasa agus riosca leachtachta agus sreabha airgid. Déantar athbhreithniú rialta ar na polasaithe chun an Comhlacht a chosc ar rioscaí airgeadais. Níl an fhreagracht monatóireacht a dhéanamh ar an mbainistíocht riosca airgeadais fágtha faoi fhochoiste an Bhoird ag na Stiúrthóirí. Déanann Bord na Stiúrthóirí na Polasaithe a leagan amach agus cuirtear i bhfeidhm iad ag Rannóg Airgeadais an Chomhlachta.

Riosca Leachtachta agus Sreabha Airgid:

Tá meascán de mhaoiniú fiachais gearrthéarmach agus meántéarmach ag an gComhlacht, rud a dhéanann deimhin de go mbíonn rochtain aici ar chistí leordhóthanacha don infheistíocht bheartaithe chaipitil. Chuir an Comhlacht áis iasachta €50m i bhfeidhm le Ulster Bank i mí an Mhárta 2017 in ionad a fiachais agus chun síneadh a chur leis. Ag deireadh na bliana 2018, bhí áiseanna tiomanta neamhtharraingthe de €15 mhilliún curtha i bhfeidhm ag an gComhlacht.

I Nollaig 2015, rinne an Comhlacht Conradh Maoinithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i leith saoráid mhaoinithe tionscadail de €100m. Bhí an tsaoráid seo ar feadh téarma 20 bliain agus bhí sé lántharraingthe ag deireadh na bliana 2018 (2017: €75m neamhtharraingthe).

Is é polasaí an Chomhlachta ná an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú trí iarmhéideanna airgid barrachais a chur i dtaisce ísealriosca airgid thirim ar bhonn gearrthéarmach. Tá sainorduithe ciste curtha i bhfeidhm ag an gComhlacht le roinnt institiúidí airgeadais chun na críche sin.

Riosca Creidmheasa:

Bíonn an Comhlacht gan chosaint i leith riosca chreidmheasa i gcúrsa na trádála agus, chun an riosca seo a bhainistiú, déanann sí seiceálacha cuí creidmheasa ar ábhair chustaiméirí agus ní thrádálann sí ach le tríú páirtithe aitheanta inchairde.

Riosca Ráta Úis:

D’fhonn neamhchosaint an Chomhlachta ar ghluaiseachtaí suntasacha codarsnachta um ráta úis a bhainistiú, tá polasaí aici trína ndéantar íosmhéid 60 faoin gcéad (2017: 60 faoin gcéad) dá fiachais a choinneáil ag rátaí seasta úis. D'fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, rinne an Comhlacht conradh ráta úis seasta leis an mBanc Eorpach Infheistíochta ar an áis mhaoinithe tionscadail de €100m. In 2017, bhí comhaontú ag an gComhlacht le Banc na hÉireann maidir le ráta babhtála úis ar a gcomhaontú maidir le háis iasachta téarma. Tháinig an áis agus an comhaontú babhtála in aibí i mí an Mhárta 2017.

Imeachtaí ó dheireadh na bliana airgeadais

Níor tharla aon imeachtaí eile idir dáta an Chláir Chomhardaithe agus an dáta ar a d’fhaomh an Bord na ráitis airgeadais.

Forbairtí sa Todhchaí

Tá Clár buiséadaithe um Infheistíocht Chaipitil de €147.2m ag an gComhlacht le haghaidh 2019. Áirítear leis an gClár um Infheistíocht Chaipitil atá beartaithe le haghaidh 2019 €54.9m i leith Thionscadal Athfhorbartha Imchuach Alexandra (ABR) agus €60.6 i leith Mháistirphlean Céim 1 (MP1).

Torthaí agus Díbhinní

B’ionann brabús an Chomhlachta don bhliain airgeadais agus €41.5m. Ba iad seo a leanas leithdháiltí agus moltaí na Stiúrthóirí i leith na suime sin:


2018

2017


€’000

€’000

Díbhinn Eatramhach de €1.052 (2017: €1.012) an ghnáthscair íoctha

12,173

11,712

Méadú ar an mBrabús Coinnithe

29,348

28,863

Brabús don Bhliain Airgeadais

41,521

40,575

Níl sé beartaithe ag na Stiúrthóirí díbhinn deiridh a fhógairt.

Leasanna na Stiúrthóirí agus an Rúnaí

Ní raibh aon leas ag na Stiúrthóirí ná ag an Rúnaí i scairchaipiteal an Chomhlachta amhail an 31 Nollaig 2018 agus 2017.

An tAcht um Íoc Pras

Is é polasaí an Chomhlachta soláthróirí a íoc i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála), 2002 agus leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997.

Chuige sin, tá gnáthaimh íocaíochta an Chomhlachta deartha chun cinnteacht réasúnta a thabhairt i gcoinne neamhchomhlíonta ábhartha le téarmaí na Rialachán. Is é 30 lá an tréimhse chaighdeánach chreidmheasa, ach amháin má shonraítear a mhalairt sna socruithe conartha. Rinneadh formhór na n-íocaíochtaí de réir uimhreach agus luacha laistigh den tréimhse chuí chreidmheasa de réir mar is gá. Ar an ábhar sin, tá na Stiúrthóirí sásta gur chloígh an Comhlacht le riachtanais an Achta.

Stiúrthóirí

Tá leagtha amach thíos ainmneacha na ndaoine a bhí ina Stiúrthóirí ag aon am le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2018.

L McCaffrey

E O’Reilly

P Bates (téarma oifige imithe in éag ar an 18 Meán Fómhair 2018)

H Collins (ceaptha 16 Eanáir 2018)

G Darling

E Finnan (éirithe as 31 Lúnasa 2018)

M Hand (ceaptha 21 Feabhra 2018)

K Nolan

Caidreamh le Scairshealbhóirí

Bíonn an fheidhmíocht trádála, na pleananna don todhchaí agus fadhbanna straitéiseacha á bplé go leanúnach ag an gCathaoirleach, ag an bPríomhfheidhmeannach agus ag an lucht bainistíochta le scairshealbhóirí an Chomhlachta. Bíonn ar an Aire Iompair agus/nó ar an Aire Airgeadais ábhair shonraithe ar leith a fhaomhadh, agus déantar cumarsáid leanúnach leis an Aire ábhartha trína ranna faoi seach. Bíonn an Cathaoirleach freagrach don Aire Iompair mar a éilítear faoi Alt 28 den Acht Cuanta, 1996 agus faoin Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Rialachas Corparáideach

Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do na caighdeáin rialachais chorparáidigh is airde a chaomhnú, agus tá sí tar éis glacadh le prionsabail an rialachais chorparáidigh agus leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais i mí na Bealtaine 2009. Ar an 1 Meán Fómhair 2016, rinneadh an Cód Cleachtais a nuashonrú. Cuirfear forálacha an Chóid nuashonraithe i bhfeidhm sa tréimhse tuairiscithe airgeadais a thosaíonn ar an 1 Eanáir 2017. Chomh maith leis sin, cloíonn an Comhlacht lena oibleagáidí faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Baill neamhfheidhmeacha is ea an chuid is mó de na Stiúrthóirí agus ceaptar ag an Aire iad. Tagann an Bord le chéile go foirmiúil gach mí agus cuirtear sceideal foirmiúil ábhar faoina bhráid go heisiach chun cinneadh a dhéanamh ina leith. Tá an Bord freagrach as cumhachtaí uile an Chomhlachta a fheidhmiú, seachas na cinn atá curtha i leataobh le haghaidh na nGeallshealbhóirí, agus tá comhfhreagracht air as oibríochtaí uile an Chomhlachta. Féadfaidh an Bord a chuid cumhachtaí a tharmligean mar is mian leis, do Choiste Boird nó don Phríomhfheidhmeannach, faoi réir ag na srianta nó an rialaithe a fhorchuirtear lena leithéid de tharmligean. Faoi réir ag cead aireachta i gcásanna áirithe, rinne an Bord forchoimeád cinntí a fhaomhadh maidir le feidhmeanna áirithe sna réimsí seo a leanas: Rialachas, Maoiniú, Soláthar, Oibríochtaí agus Ceapacháin Acmhainní Daonna. Tá rochtain ag an mBord ar chomhairle agus ar sheirbhísí Rúnaí an Chomhlachta agus is féidir leis comhairle neamhspleách ghairmiúil a fháil nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach.

Teastaíonn an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú go ndéanann an Bord féinmheastóireacht go bliantúil chun a fheidhmíocht a mheas. Tá an t-athbhreithniú féinmheasúnaithe bunaithe ar cheistneoir atá le fáil sa Chód Cleachtais a bhí comhlíonta ag an mBord i bhFeabhra 2017. Cuireadh siar an mheastóireacht in 2018 de thoradh comhdúcháin ag eascairt ó roinnt folúntas i rith na bliana. Teastaíonn an Cód Cleachtais go ndéanfar meastóireacht sheachtrach gach trí bliana ar a laghad. Tosaíodh comórtas soláthair le haghaidh soláthraithe seirbhíse cuí i Márta 2019 agus táthar ag súil go ndéanfar an ceapachán cuí in Aibreán 2019 d'fhonn an mheastóireacht a dhéanamh le linn an chéad leath den bhliain.

Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta i 1997 faoi théarmaí foirmiúla tagartha. Athbhunaíodh an Coiste seo in 2012 mar an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca. Leagadh amach sna téarmaí tagartha cuspóir, údarás agus ballraíocht an Choiste, mar aon lena fhreagrachtaí sna réimsí seo a leanas: tuairisciú seachtrach airgeadais, iniúchadh seachtrach, rialachas corparáideach agus iniúchadh inmheánach. Ar an 23 Feabhra 2018 bhí an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca athbhunaithe le hIníon Emer Finnan (Cathaoirleach), an tUas. Paul Bates agus Iníon Helen Collins. Leis na folúntais ar an mBord de thoradh éirí as Iníon Ms Emer Finnan agus deireadh le téarma oifige an tUas. Paul Bates ghlac an Bord iomlán an ról mar Choiste Iniúchta agus Riosca le linn fuílleach 2018 le hIníon Helen Collins ina Cathaoirleach.

Tháinig an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca le chéile ceithre huaire le linn na bliana. Ba iad baill an Choiste i gcúrsa na bliana ná Iníon Emer Finnan, an tUas. Paul Bates, Iníon Helen Collins, an tUas. Geoffrey Darling, an tUas. Michael Hand, Iníon Lucy McCaffrey, an tUas. Keith Nolan agus an tUas. Eamonn O’Reilly.

Chomh maith leis sin, bhunaigh an Bord Coiste Luach Saothair in 1999. Ba iad baill an choiste le linn na bliana ná Iníon Lucy McCaffrey (Cathaoirleach), an tUas. Geoffrey Darling agus an tUas. Michael Hand. Feidhmíonn an Coiste faoi théarmaí foirmiúla tagartha.

Freastal ar Chruinnithe

Tionóladh 10 Cruinniú Ginearálta Bhoird le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2018.

Freastal na Stiúrthóirí ar chruinnithe an Bhoird:


I láthair

Incháilithe chun bheith i láthair

L McCaffrey

10

10

E O’Reilly

10

10

P Bates

7

7

H Collins

9

10

G Darling

10

10

E Finnan

7

7

M Hand

7

9

K Nolan

10

10

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

E Finnan

3

3

P Bates

3

3

H Collins

2

4

G Darling

2

2

M Hand

1

1

L McCaffrey

2

2

K Nolan

2

2

E O’Reilly

2

2

An Coiste Luach Saothair

L McCaffrey

1

1

G Darling

1

1

M Hand

1

1

Speansais na Stiúrthóirí

Íocadh speansais €5,735 le baill den Bhord le linn na bliana i leith speansas eile.

Rialuithe Inmheánacha

Tá freagracht iomlán ar an mBord as córais rialaithe inmheánaigh an Chomhlachta. Ní féidir leis na córais sin atá á gcoinneáil ag an gComhlacht ach gealltanas réasúnta a thabhairt, seachas gealltanas iomlán, go ndéantar idirbhearta i gcomhréir le húdarú an lucht bainistíochta go gcosnaítear sócmhainní, go gcuirtear cosc ar chalaois agus go gcoinnítear taifid chearta airgeadais. Deimhníonn an Bord go bhfuil athbhreithniú déanta aige ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh.

Chun deimhin a dhéanamh de go gcuirtear rialuithe inmheánacha an Chomhlachta i bhfeidhm go héifeachtúil, fostaíodh pearsanra cáilithe agus leithdháileadh na dualgais i gceart idir eatarthu.

Áirítear le córais an rialaithe inmheánaigh:

  • Déantar rioscaí gnó a aithint agus a dtionchair airgeadais a mheas trí athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar Phlean Straitéiseach an Chomhlachta. Tugtar achoimre thuas ar Chreat Bainistíochta Riosca an Chomhlachta faoin cheannteideal “Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha”. Ghlac an Bord leis an bPlean Straitéiseach is déanaí don tréimhse 2017 go dtí 2021 i mí na Nollag 2016;
  • Buiséad bliantúil faofa ag an mBord agus measúnú míosúil ar fhíorthorthaí i gcomparáid le réamhaisnéisí buiséid;
  • Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bunaíodh chun na rudaí seo a leanas a athbhreithniú agus a phlé leis na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha: rialuithe inmheánacha chuntasaíochta an Chomhlachta, an fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí, rogha na bpolasaithe cuntasaíochta, pleananna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí, tuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí, an tuairisciú airgeadais agus ábhair ghaolmhara eile;
  • Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí trína ndéantar athbhreithniú ar phríomhphróisis agus ar phríomhrialuithe gnó;
  • Cóid fhoirmiúla iompair le haghaidh Stiúrthóirí agus fostaithe; agus
  • Polasaithe agus nósanna imeachta soláthair. Ar an gcead dul síos, déanann siad sin deimhin de go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí soláthair chun luach ar airgead a sholáthar i dtéarmaí chostais fhoriomlána an tsaolré agus, lena chois sin, go gcloítear leis na Treoirlínte Stáit agus na Treoracha AE ábhartha uile a bhfuil feidhm acu maidir le Fóntais Phoiblí. Tá an Comhlacht ag cloí leis na riachtanais oiriúnacha faoin gCód Caiteachais Phoiblí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá athbhreithniú déanta ag an mBord, tríd an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh suas go dtí dáta faofa na ráiteas airgeadais.

Rinne an tIniúchóir Inmheánach athbhreithniú ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh agus níor thángthas ar aon laigí suntasacha rialaithe a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le caillteanas airgeadais nó cur isteach oibríochtúil, a éilíonn cúram láithreach ag leibhéal an Bhoird.

Ráiteas comhlíonta

Admhaíonn Stiúrthóirí an Chomhlachta go bhfuil siad freagrach as comhlíonadh an Chomhlachta lena oibleagáidí ábhartha a ráthú (mar atá sainmhínithe in Acht na gCuideachtaí 2014 (“Acht 2014”)) agus, mar atá éilithe faoi alt 225 den Acht 2014, deimhníonn na Stiúrthóirí:

  • gur ullmhaíodh ráiteas um polasaí comhlíonta ina leagtar amach polasaithe an Chomhlachta maidir lena oibleagáidí ábhartha faoin Acht 2014 a chomhlíonadh;
  • gur cuireadh socruithe agus struchtúir i bhfeidhm a mheasann na Stiúrthóirí gur leor iad chun comhlíonadh ábhartha le hoibleagáidí cuí an Chomhlachta a rathú; agus
  • go ndearnadh athbhreithniú ar na socruithe agus struchtúir le linn na bliana airgeadais lena mbaineann Tuarascáil na Stiúrthóirí.

Síntiúis Pholaitíochta

Ní dhearna an Bord aon síntiús polaitiúil i rith na bliana.

Nochtadh Faisnéise do na hIniúchóirí

Tá sé deimhnithe ag gach Stiúrthóir a bhí in oifig amhail ar dháta na tuarascála seo:

  • Go bhfios dó/di, nach bhfuil aon fhaisnéis ábhartha iniúchta ann nach bhfuil ar eolas ag iniúchóirí reachtúla an Chomhlachta; agus
  • Go bhfuil na bearta go léir déanta aige/aici gur cheart a bheith déanta aige/aici mar Stiúrthóir chun eolas a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha iniúchta agus chun a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag iniúchóirí reachtúla an Chomhlachta.

Iniúchóirí Reachtúla

Leanfaidh na hiniúchóirí, Deloitte Ireland LLP, Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúil, in oifig i gcomhréir le halt 383(2) d'Acht na gCuideachtaí, 2014.

Thar ceann an Bhoird

Lucy McCaffrey

Eamonn O'Reilly

29 Márta 2019