Stiúrthóirí agus Eolas Eile

Lucy McCaffrey

Cathaoirleach

Ina gairm bheatha thar tríocha bliain, d'oibrigh Lucy McCaffrey mar chomhairleoir gnó d'eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideach in Éirinn agus do phríomhchomhlachtaí ilnáisiúnta san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Afraic. In 1992, tar éis roinnt blianta a bheith caite aici le comhairleacht nuálaíochta Synectics Inc. atá lonnaithe i mBostún, bhunaigh sí 'Latitude', comhairleacht a dhéanann speisialtóireacht i dtacaíocht a thabhairt d'athrú eagraíochtúil straitéiseach. Chuimsigh jabanna Latitude san earnáil phríobháideach earnáil na seirbhísí airgeadais, earnáil na monaraíochta, an earnáil ghairmiúil agus earnáil na seirbhísí. San áireamh le hobair san earnáil phoiblí bhí éascú cláir athraithe suntasach laistigh de raon leathan d'eagraíochtaí agus tionscnaimh chun éifeachtacht agus comhoibriú idir-eagraíochta a chothú.

Is é an tAire Iompair a cheap Lucy mar Chathaoirleach ar dtús i mí na Nollag 2009 agus bhí sí ceaptha arís in 2014. Bhí sí mar Stiúrthóir d'Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, bhí sí mar Stiúrthóir de Chomhlacht Chalafort Átha Cliath idir 1997 agus 2002 agus bhí sí ar an mBord den Lárionad Tionscadail Ealaíne ar feadh tréimhse cúig bliana (1988-1993).

Eamonn O’Reilly

Príomhfheidhmeannach

Ceapadh Eamonn O’Reilly mar Phríomhfheidhmeannach de Chomhlacht Chalafort Átha Cliath i mí Lúnasa 2010. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach roimhe sin ar Portroe Stevedores, gnó láimhseála lasta bunaithe i mBaile Átha Cliath, ó 2005. Le linn na tréimhse sin, bhí ról ag Eamonn mar bhainisteoir forbartha grúpa de mháthairchomhlacht Portroe, Doyle Shipping Group.

Sula ndeachaigh s chuig Doyle Shipping Group, bhí Eamonn ina Bhainisteoir Tionscadail do Securicor Ireland agus d'oibrigh sé mar shainchomhairleoir bainistíochta le KPMG chomh maith. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Marine Terminals Limited idir 1992 agus 1996.

Chuir Eamonn tús lena shaol oibre mar innealtóir le Irish Cement Limited sula ndeachaigh sé thar lear ag obair san Éigipt, san Araib Shádach agus sa Chongó.

Is innealtóir cairte é Eamonn a bhain a chéim amach i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá Máistreacht sa Riarachán Gnó aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Eamonn ina bhall d'Institiúid Innealtóirí na hÉireann agus is Cathaoirleach reatha é d'Eagraíocht Phoirt Mhuir na hEorpa (ESPO) agus tá sé ina bhall den Chomhairle Ginearálta Stevedoring.

Michael Brophy

Stiúrthóir

Is saineolaí é Michael ar bhainistíocht timpeallachta agus gnó le taithí ar leith aige i measúnú eagraíochtaí ó thaobh comhlíonadh dlíthiúil timpeallachta agus sna dea-chleachtais idirnáisiúnta maidir le tomhais agus rialaitheoirí maolaithe timpeallachta.

Tá Michael ina phríomhinúchóir timpeallachta in Éirinn le go leor taithí i gcur i bhfeidhm praiticiúil pholasaí agus rialacháin na hEorpa chun comhlíonadh a bhaint amach. Baineann a thaithí fiche bliain sa mheasúnú riosca timpeallachta agus srianta dea-chleachtais le heagraíochtaí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach.

D'oibrigh Michael go mór le gníomhaireachtaí rialacháin le taithí ar leith i bhforbairt agus cur i bhfeidhm iniúchadh timpeallachta agus/nó scéimeanna faoi Threorach agus Rialacháin éagsúla an AE.

D'fhreastail Michael mar Stiúrthóir agus mar bhall Boird ar Bhoird éagsúla in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, san Iodáil agus sa tSeapáin. Tá MSc i mBeartas agus Rialachán Eorpach an Chomhshaoil agus BSc in Eolaíocht an Chomhshaoil aige.

Helen Collins

Stiúrthóir

Chuaigh Helen isteach sa Bhord i mí Lúnasa 2012. Is dlíodóir í de réir gairme agus le blianta bhí sí ina comhpháirtí agus Ceann Dlíthíochta le McCann Fitzgerald. Tá taithí ar leith aici i réiteach díospóidí a bhaineann le tráchtáil, rialachán agus riarachán.

Is í Helen Rúnaí an Bhoird agus is í an tOifigeach um Chomhlíonadh i NDRC, cuideachta a aimsíonn, a thógann agus a chuireann acmhainní ar fáil do chuideachtaí digiteacha óga.

Tá Helen ina ball de Phainéal Bhinse Achomhairc Sheirbhísí Airgeadais na hÉireann, agus is idirghabhálaí creidiúnaithe CEDR í freisin.

Geoffrey Darling

Stiúrthóir

Is é an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a cheap Geoff don Bhord i mí Iúil 2014. Is comhairleoir loingis agus infheisteoir i longa é Geoff agus tá níos mó ná 40 bliain de thaithí aige laistigh den tionscal loingseoireachta, ar muir agus ar tír araon.

Is bunaitheoir é Geoff de ghrúpa infheistíochta príobháideach sa tionscal loingseoireachta agus is comhairleoir é dó freisin. Déanann an Comhlacht codanna éagsúla an mhargaidh loingseoireachta a bhainistiú ar bhonn tráchtála, chomh-infheistíonn sí sna margaí seo agus ceannaíonn agus tógann sí longa ann.

Mar chomhairleoir, tugann sé comhairle do chliaint éagsúla maidir le gnéithe tráchtála agus oibríochta laistigh den tionscal loingseoireachta.

Bhí Geoff mar bhun-scairshealbhóir/stiúrthóir ar chomhlacht bainistíochta tráchtála neamhspleách loinge. D'éirigh an Comhlacht a fhorbairt mar cheann de na hOibreoirí Speisialaithe 'Reefer' is fearr. Díoladh an Comhlacht in 2005.

Clúdaíonn a chuid taithí go leor róil bhainistíochta éagsúla bunaithe ar tír laistigh den tionscal loingseoireachta. Is máistir-mhairneálach aicme 1 é Geoff atá cáilithe agus a bhfuil go leor taithí aige, cuimsíonn a chuid taithí mara 15 bliana ag trádáil ar fud an domhain i gcéimeanna mara lena n-áirítear Captaen.

Michael Hand

Stiúrthóir

Ceapadh Michael Hand don Bhord i mí Feabhra 2018 ar feadh tréimhse trí bliana. Tá an-taithí aige thar 40 bliain mar cheannaire sinsearach sna hearnálacha a bhaineann le hInnealtóireacht Comhairleach agus Tógáil in Éirinn agus tá taithí aige le bheith i gceannas ar dhearadh agus seachadadh de mhór-thionscadal bonneagair straitéiseacha. Bhí sé mar Chathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta d'Innealtóirí Comhairliúcháin PH McCarthy agus bhí sé mar Stiúrthóir d'Innealtóireacht WYG agus d'Innealtóirí Comhairliúcháin JB Barry.

Ó 2010 go dtí 2016, bhí Michael mar Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir den Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin. Is Stiúrthóir Neamh-Fheidhmeannach é de Eirgrid Plc agus de Irish Archaeological Ltd. D'oibrigh sé le gradam mar oibrí deonach agus Stiúrthóir san earnáil phobail dheonach.

Tá Michael thar a bheith cáilithe in Innealtóireacht agus Gnó. Tá Céim aige san Innealtóireacht Shibhialta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Máistreacht sa Riarachán Gnó ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. In 2014, bhronn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath dochtúireacht oinigh air. Is Comhalta de cheithre institiúid ghairmiúla é agus is Innealtóir Cairte, Stiúrthóir Cairte agus Bainisteoir Cairte Uisce & Comhshaoil é.

Keith Nolan

Stiúrthóir

Ceapadh Keith do Bhord Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath i Meán Fómhair 2017. Chuaigh Keith isteach sa Chomhlacht in 1997 agus bhí ról aige mar ríomhchláraitheoir TF. Ó shin i leith, chuaigh Keith ar aghaidh go dtí a ról reatha mar Bhainisteoir Oibríochtaí TFC, ag glacadh níos mó freagrachtaí agus ag cur feabhas ar a chuid scileanna ar an mbealach.

Tá an-taithí ag Keith le TFC agus i rith a 21 bhliain sa Chomhlacht, fuair sé blaiseadh de gach rannóg den eagraíocht agus d'Oibríochtaí Chomhlacht Chalafort Átha Cliath ar fad.

Is comhalta seanbhunaithe de CSTGT é Keith agus tá sé bainteach go gníomhach le ról lárnach ar choiste rannóige CSTGT ar feadh beagnach 20 bliain.

Lesley Williams

Stiúrthóir

Ceapadh Lesley Williams don bhord CCÁ i mí Eanáir 2019 agus is ball í den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca. Tá níos mó ná 30 bliain de thaithí aici sna seirbhísí airgeadais agus bhí poist shinsearacha aici roimhe le Investec Bank Ireland cpt, Goodbody Stockbrokers agus Stocmhalartán na hÉireann. Tá Baitsiléir Tráchtála ag Lesley ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, AIIMR (RA) agus is comhalta den CISI í.

Michael Sheary

Rúnaí na Cuideachta & Príomhoifigeach Airgeadais

Tháinig Michael Sheary isteach sa Chomhlacht in 1982 agus bhí róil shinsearacha éagsúla aige, lena n-áirítear Leas-Rialtóir Airgeadais, go dtí gur ceapadh é mar Rúnaí agus Príomhoifigeach Airgeadais an Chomhlachta in 2001. Ó shin i leith tá maoirseacht déanta ag Michael ar fheidhmeanna airgeadais, dlíthiúla agus riaracháin an Chomhlachta.

Cáilíodh Michael mar Chuntasóir Cairte Deimhnithe in 1988 agus glacadh é mar Chomhalta de Chumann na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe in 1996. Is Stiúrthóir é de Chuideachta Gníomhaíochtaí Ainmnithe (DAC) Dhroichead na Rinne agus tá ionadaíocht déanta aige roimhe seo ar son Chomhlacht Chalafort Átha Cliath mar Stiúrthóir ar East Link Limited. Feidhmíonn Michael chomh maith mar iontaobhaí de scéim pinsin le Sochar Sainithe Chomhlacht Chalafort Átha Cliath.

  • Rúnaí & Oifig Chláraithe
  • Michael Sheary
  • Lárionad an Chalafoirt
  • Bóthar Alexandra
  • Baile Átha Cliath 1
  • Uimhir Chláraithe:
  • 262367
  • Baincéirí Príomha
  • Banc na hÉireann
  • 2 Plaza Burlington
  • Bóthar Burlington
  • Baile Átha Cliath 4
  • An Banc Eorpach Infheistíochta
  • 98-100 boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Lucsamburg
  • Ulster Bank DAC
  • Ulster Bank Group Centre
  • Cé Sheoirse
  • Baile Átha Cliath 2
  • Iniúchóirí
  • Deloitte Ireland LLP
  • Deloitte & Touche House
  • Ardán Phort an Iarla
  • Baile Átha Cliath 2
  • Achtúirí
  • Mercer
  • Teach Charlotte
  • Sráid Charlemont
  • Baile Átha Cliath 2
  • Dlíodóirí
  • Beauchamps Solicitors
  • 2 Cois Abhann
  • Cé Sir John Rogerson
  • Baile Átha Cliath 2
  • Eversheds
  • 1 Lárionad Phort an Iarla
  • Ardán Phort an Iarla
  • Baile Átha Cliath 2
  • Mason Hayes & Curran
  • Teach an Phoirt Theas
  • Sráid na Bearú
  • Baile Átha Cliath 4