Athbhreithniú Trádála Chalafort Bhaile Átha Cliath
In 2018, d’fhás na líonta go dtí 38.0m tonna, méadú 4.3% ar an mbliain roimhe sin.
D'fhás allmhairí níos láidre ná onnmhairí le linn 2018 ag 5.5% and 2.5% faoi seach. Go príomha is calafort allmhairithe é Baile Átha Cliath a chuireann leis an ngeilleagar intíre agus le linn 2018, mhéadaigh líon an tonnáiste atá ag allmhairí ó 59.2% go 59.9%.
‘000 olltonna | 2018 | 2017 | Athrú % |
Allmhairí | 22,741 | 21,546 | 5.5% |
Onnmhairí | 15,253 | 14,876 | 2.5% |
Iomlán | 37,994 | 36,422 | 4.3% |
Leanann forlámhas na móid aonadaithe, 81.5% ar an iomlán i dteannta a chéile den tréchur, ar ár ngnó. Ag deireadh na bliana, bhí na móid aonadaithe chun tosaigh, Róró le 2.7% agus Lóló le 3.8%.
‘000 olltonna | 2018 | 2017 | Athrú % |
Róró | 24,050 | 23,412 | 2.7% |
Lóló | 6,924 | 6,673 | 3.8% |
Bulcleacht | 4,621 | 4,281 | 7.9% |
Bulcsholad | 2,375 | 2,034 | 16.8% |
Briseadh Builc | 24 | 22 | 7.2% |
Iomlán | 37,994 | 36,422 | 4.3% |
Aonadaithe | 30,974 | 30,085 | 3.0% |
Neamhaonadaithe | 7,020 | 6,337 | 10.7% |
Tharla an chuid is mó (56.5%) den fhás de 1.6m tonna comhlán in 2018 sna móid aonadaithe. Ach ba bhliain láidir í 2018 do na móid neamhaonadaithe chomh maith.
2018 | % | |
Aonadaithe | 889 | 56.5% |
Neamhaonadaithe | 683 | 43.5% |
Iomlán | 1,572 | 100.0% |
Ó thaobh na n-aonaid Róró agus TEU do Lóló de, chonaiceamar fás 4.0% i ngach uile mód.
2018 | 2017 | Athrú % | |
Aonaid Ró-Ró | 1,031,897 | 992,062 | 4.0% |
Aonaid choibhéise fiche troigh Ló-Ló | 726,212 | 698,348 | 4.0% |
Olltonaí d'allmhairí/onnmhairí ('000)
Allmhairí
Onnmhairí
Móid olltonaí (‘000)
Róró
Lóló
Bulcleacht
Bulcsholad
Briseadh Builc
Bhí méideanna feithiclí trádála 4.1% chun tosaigh in 2018. Léiríonn an méadú sin feidhmíocht láidir ó tharla go raibh laghdú 2.5% ar chlárú feithicle in 2018.
Sa Bhulcearnáil, tháinig méadú 7.9% ar Bhulcleacht (beagnach gach táirge peitriliam) agus méadú 16.8% ar Bhulcsholad, méaduithe ar allmhairí gránaigh agus bia ainmhithe ba chúis leis na méaduithe sin den chuid is mó.
Ba chúis díoma é trácht turasóireachta sa bhliain seo caite le méid na bpaisinéirí síos 1.0% agus feithclí turasóireachta 1.2%.
Bhí séasúr maith againn leis na longa chrúsála in 2018 le méadú de 23 sna stopanna long, is méadú é sin de 18.1% ón mbliain roimhe.
2018 | 2017 | % | |
Líon na long crúsála a thug cuairt ar an gcalafort | 150 | 127 | 18.1% |
Paisinéirí agus an criú | 276,927 | 210,050 | 31.8% |
Olltonnáiste comhiomlán | 7,512,749 | 5,749,351 | 30.7% |
Feidhmíocht Airgeadais in 2018
Soláthraí bonneagair is ea Comhlacht Chalafort Átha Cliath nach nglacann ach páirt an-bheag i ngníomhaíochtaí oibríochtúla. Mar sin, tá mórthionchar oibríochtúil againn agus bímid ag súil leis go spreagfar leibhéil ioncaim agus brabúis go díreach le méaduithe ar líonta.
Le linn 2018, bunaithe ar mhéadú 4.3% ar líonta, d’fhás ár n-ioncam 5.7% ó €85.5m go dtí €90.4m.
Bhí costas €43.6m in 2018 ar na costais oibriúcháin iomlána, sin méadú €2.7m (6.6%) ar an mbliain roimhe.
- Bhí costais phárolla €1.1m níos airde, rud a léiríonn méadú ar phá in 2018 le chéile le méadú ar mheánlíon na ndaoine atá fostaithe ó 148 go dtí 163.
- Bhí táillí gairmiúla €1.6m níos airde go príomha de bharr caiteachais a bhain leis an tionscadal MP2. Is é tionscadal MP2 an dara tionscadal den bhForbairt Bonneagair Straitéiseach atá tugtha chun tosaigh faoi Mháistirphlean 2040 an Chomhlachta. Baineann caiteachas in 2018 le hobair a bhí déanta mar ullmhúchán ar an iarratas pleanála a cuireadh faoi bhráid An Bhoird Phleanála.
Baineann €0.6 d'ioncam oibriúcháin eile in 2018 le méadú ar luacháil réadmhaoin infheistíochta an chomhlachta, “P5”, atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. Bhí an figiúr inchomparáide de €1.9m in 2017 déanta suas le €1.6m le haghaidh P5 agus €0.3m ó bhrábús ar dhiúscairt sócmhainní seasta.
Tháinig méadú ar bhrabús oibriúcháin an Chomhlachta de €0.9m (1.9%) ó €46.5m in 2017 go €47.4m in 2018.
€’000 | 2018 | 2017 | Athrú % |
Láimhdeachas | 90,374 | 85,497 | 5.7% |
TRÚCDA | 55,827 | 53,625 | 4.1% |
Brabús Oibriúcháin | 47,388 | 46,512 | 1.9% |
PBT | 47,855 | 46,344 | 3.3% |
PAT | 41,521 | 40,575 | 2.3% |
Mar sholáthraí bonneagair a bhfuil riachtanais mhóra caiteachais chaipitil díreach os a chomhair, is príomhbhearta iad giniúint airgid thirim, Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear agus glanfhiachas chun cur le neart an ghnó.
Tháinig méadú €2.2m (4.1%) ó €53.6m in 2017 go €55.8m in 2018 ar thuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (TRÚCDA). Agus TRÚCDA á ríomh, cuirtear san áireamh aisbhaint don mhír nach airgead tirim a bhaineann leis an luacháil mhéadaithe maidir le réadmhaoin infheistíochta P5.
€’000 | 2018 | 2017 |
Brabús Oibriúcháin | 47,388 | 46,512 |
Dímheas | 9,599 | 9,562 |
Amúchadh | (542) | (542) |
Ioncam eile | (600) | (1,600) |
Míreanna neamhghnácha – brabús ar dhiúscairt sócmhainní | (18) | (307) |
TRÚCDA | 55,827 | 53,625 |
Tháinig laghdú ar an Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear (TACÚ) ó 12.0% in 2017 go 10.2% in 2018 a léiríonn infheistíocht shuntasach i sócmhainní seasta le linn na bliana.
Bhí sócmhainní seasta €496.6m ar an iomlán ag deireadh na bliana i gcomparáid le €418.2m ag deireadh na bliana 2017. Is féidir an ghluaiseacht i sócmhainní seasta a mhíniú de bharr an €87.4m breise le chéile leis an luacháil mhéadaithe ag €0.6m maidir le réadmhaoin infheistíochta an Chomhlachta, déanann sé sin cúiteamh ar mhuirear dímheasa don bhliain a bhí €9.5m air.
Ag deireadh na bliana, bhí glanfhiachas againn de €91.6m i gcomparáid le €37.9m ag deireadh na bliana 2017, rud a léiríonn arís an t-ardleibhéal de chaiteachas caipitil a tháinig chun cinn in 2018.
€m | 2018 | 2017 |
Airgead tirim (taiscí gearrthéarmacha san áireamh) | €43.3m | €21.9m |
Iasachtaí | (€134.8m) | (€59.8m) |
Glanfhiachas | (€91.6m) | (€37.9m) |
An Dealramh atá ar Ghnóthaí le haghaidh 2019
Is é Brexit an dúshlán is mó atá romhainn in 2019 leis an héiginnteacht go léir. Mar ullmhúchán dó táimid ag cur áiseanna ar fáil ar 7.8 heicteár de thailte an chalafoirt le haghaidh gníomhaireachtaí Stáit, ina measc Custaim agus An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Ag brath ar conas a théann Brexit ar aghaidh, in 2019 seans go mbeadh orainn tuilleadh áiseanna a chur ar fáil ar shuíomh 3.6 heicteár sa Chalafort.
Le linn 2019, táimid chun iarratas pleanála don Tionscadal MP2 a chur faoi bhráid An Bhoird Phleanála. Seo an dara thionscadal forbartha bonneagair straitéiseach as trí, agus eatarthu, comhlíonfar fís an Mháistirphlean 2040.
Tá fás ag a leithéid de ráta go bhfuil práinn anois le dul chun chinn chomh tapa agus is féidir a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm chlár caipitil an Mháistirphlean, le luach €1 bhilliún thar deich mbliana. Go díreach nuair atá an t-iarratas pleanála don dTionscadal MP2 curtha isteach againn táimid chun díriú isteach ar thionscadal a dhearadh chun forbairt a dhéanamh ar thailte chalafort Leithinis an Phoill Bhig. Ina measc beidh tógáil an 'Southern Port Access Route' mar bhóthar calafoirt inmhéanach chun rochtain a chur ar fáil chuig agus ó Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath do thrácht calafoirt ón dtaobh thuaidh den Chalafort.
Beidh an bhliain seo tábhachtach do Chalafort Átha Cliath ó thaobh na long crúsála agus muid ag déanamh anailís costais is tairbhe chun a fháil amach ar cheart dúinn dul ar aghaidh le forbairt an tSínidh ar Ché an Phoirt Thuaidh mar chuid den dTionscadal ABR. Má táimid chun dul ar aghaidh, beidh tacaíocht airgeadais sheachtrach de dhíth, ón dtionscal crúsála san áireamh.
Tá clár infheistíochta caipitil dea-fhorbartha againn le hOifig Bainistíochta Tionscadal cumasach atá in ann tionscadail caipitil mhóra a bhaint amach in am agus laistigh den mbuiséad. Chun an plean sin a thabhairt chun cinn go rathúil tá sé ríthábhachtach dúinn an sprioc de €300m airgeadas breise a bhailiú.
Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath féinmhaoinitheach agus caithfear an Calafort a fhorbairt lena acmhainní féin. Má ghlacaimid le fiacha móra, beidh orainn brábúis ar cóimhéid a ghineadh. Le linn 2019, déanaimid athbhreithniú ar mhuirir bhonneagair calafoirt agus cuirfimid beartas praghsála i bhfeidhm don todhchaí chun a chur ar chumas an Comhlacht cuspóir an Mháistirphlean 2040 a bhaint amach, sé sin cumas calafoirt a sholáthair don bhfás réamh-mheasta go 2040 agus um a dtaca seo beidh láncumas bainte amach ag an gCalafort.
D'fhéadfaí a rá go mbeidh cur i bhfeidhm an Pholasaí Caipitil Nádúrtha mar an fhorbairt is suntasaí le linn 2019. Tabharfaidh an polasaí treoir do thionscadail éiceolaíochta a bheidh á ndéanamh againn i gcomhthráth leis na tionscadail mhóra thógála ar mhaithe le bithéagsúlacht a mhéadú, fiú agus bonneagar nua don Chalafort á thógáil againn.
Eamonn O’Reilly
Príomhfheidhmeannach
29 Márta 2019