19. Iasachtaí Bainc


2018

2017


€’000

€’000

Iasachtaí Bainc

134,838

59,788


134,838

59,788




Bíonn na hiasachtaí sin iníoctha i gcaitheamh na dtréimhsí seo a leanas tar éis dheireadh na bliana:



Laistigh d’aon bhliain amháin

-

-

Idir aon bhliain amháin agus dhá bhliain

-

-

Idir aon bhliain amháin agus dhá bhliain

34,838

34,788

I níos mó ná cúig bliana

100,000

25,000


134,838

59,788

Taispeántar Iasachtaí Bainc glan ó chostais eisiúna as fiacha caipitlithe de €163k (2017: €212k) atá á n-amúchadh i gcaitheamh théarma na bhfiach.

Tá comhaontú idir an Comhlacht agus Ulster Bank DAC maidir le saoráid chreidmheasa imrothlaigh ar luach €50m. Tá an tsaoráid seo ar feadh tréimhse cúig bliana ar dtús leis an rogha í a shíneadh ar feadh tréimhse bliana nó dhá bhliain, faoi réir cheadú an bhainc. Tá an tsaoráide ar an iomlán le haisíoc faoi Mhárta 2022, faoi réir úsáid a bhaint as an rogha maidir le síneadh na saoráide. Bhí €35m den tsaoráid tarraingthe aníos ag deireadh na bliana.

Tá an ráta úis ar an iasacht athraitheach ar bhonn an EURIBOR agus ar an gcorrlach is infheidhme. Níl aon urrús inláimhsithe á choimeád ag Ulster Bank i leith na saoráide sin.

I mí na Nollag 2015, rinne an Comhlacht Conradh Maoinithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i leith saoráid mhaoinithe tionscadail de €100m. Bhí an tsaoráid seo ar feadh téarma 20 bliana agus bhí sé lántharraingthe ag deireadh na bliana.