30. Sochair iarfhostaíochta

Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochair sainithe agus scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Ar an 1 Eanáir 2005 dúnadh na scéimeanna sochair sainithe d’iontrálaithe nua.

Plean ranníocaíochtaí sainithe

Tá fostaithe a thosaíonn ag obair leis an gComhlacht tar éis an 1 Eanáir 2005 ina mbaill den scéim ranníocaíochtaí sainithe. Íocann na baill agus an Comhlacht ranníocaíochtaí ag rátaí seasta. I rith na bliana rinne an Comhlacht ranníocaíocht €591k (2017: €300k) leis an scéim ranníocaíochta sainithe agus rinneadh an méid sin a mhuirearú don chuntas Brabúis agus Caillteanais. Is é Irish Pensions Trust Limited, Comhlacht iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de chuid an scéim ranníocaíochta sainithe.

Scéimeanna Sochair Sainithe

(a) Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochair sainithe bunaithe ar thuarastail deireanacha inphinsin d’fhostaithe incháilithe, lena n-áirítear fostaithe agus iarfhostaithe Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan agus an t-aonán a tháinig roimh an gComhlacht, Bord Calafoirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath.

Déanann iontaobhaithe riarachán ar na ceithre scéim. Is iad seo a leanas na scéimeanna: “Ciste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996”, “Ciste Aoisliúntais um Piolótaí Chomhlacht Chalafort Átha Cliath”, “Scéim Sochar Scoir um Phríomhfheidhmeannach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath” agus “Scéim Pinsin Chomhlacht Chalafort Átha Cliath um Iarfhostaithe Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan”.

Is iad an Comhlacht agus na baill scéime a cheapann iontaobhaithe Ciste Aoisliúntais Chalafort Bhaile Átha Cliath 1996. Reáchtáladh an toghchán is deireanaí um chiste Aoisliúntais Chalafort Átha Cliath 1996 in 2017 agus rinneadh ceapachán ceathrar fostaithe a dhaingniú ag an mBord ag a chruinniú ar an xx Nollaig 2017. I dteannta leis an gceathrar iontaobhaithe atá ina mbaill, cheap an Comhlacht ceathrar iontaobhaithe eile.

Is é Irish Pensions Trust Limited, Comhlacht iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de na trí scéim eile.

Níl aon scéimeanna neamh-mhaoinithe i bhfeidhm amhail ag 31 Nollaig 2018.

(b) Luacháil Achtúireach

Déantar seasamh maoinithe na ceithre scéim sochair sainithe a mheasúnú de réir chomhairle achtúirí neamhspleácha. Déantar an seasamh maoinithe a mheasúnú go foirmiúil gach trí bliana.

Tá sé ar intinn ag an gComhlacht ranníocaíochtaí rialta a dhéanamh leis na ceithre scéim de réir na moltaí a leag na hachtúirí amach sna tuarascálacha achtúireachta iomchuí le haghaidh gach scéime.

Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha infheidhme is deireanaí do na príomhscéimeanna ar an 1 Eanáir 2018. Rinneadh na tuarascálacha ag Mercer, nach bhfuil ina n-oifigigh ná fostaithe de chuid an Chomhlachta. Tá na tuarascálacha luachála ar an 1 Eanáir 2018 ar fáil um chigireacht ag baill scéime ach níl siad ar fáil um chigireacht ag an bpobal.

Tá na chéad tuarascálacha luachála eile do na scéimeanna seo le bheith ullmhaithe ar an 1 Eanáir 2021.

Bonn luachála um Íoschaighdeán Maoinithe (faisnéis nach bhfuil iniúchta):

Tá sé ina cheangal go gcloífeadh na ceithre scéim le sochair sainithe leis an Íoschaighdeán Maoinithe (ICM) i gcomhréir le hAlt 44 d’Acht na bPinsean, 1990 (mar atá leasaithe). Leis an ICM, go ginearálta, déantar a thomhas cibé acu an gclúdaíonn sócmhainní carntha dliteanais arna bhfabhrú do bhaill, ag déanamh talamh slán de go ndéanfaí na scéimeanna a fhoirceannadh ar an dáta luachála. Tá na boinn tuisceana ar a mbíonn an dliteanas ICM socraithe forordaithe sa reachtaíocht agus i dtreoir achtúireach. Cuireadh na teastais maoinithe achtúirigh is deireanaí a cuireadh ar fáil do na príomhscéimeanna le sochair sainithe faoi bhráid an Údarás Pinsean agus dáta éifeachtach orthu ón 31 Nollaig 2017 agus dearbhaíodh go raibh na scéimeanna ag cloí leis an ICM ag an am sin.

Tar éis athbhreithnithe achtúirigh ar an 1 Eanáir 2019, fuarthas go gcloífeadh na ceithre scéim le sochair sainithe is infheidhme an ICM amhail an 1 Eanáir 2019. Ba é luach iomlán shócmhainní na scéime ná €274.1m agus ba iad luach iomlán na ndliteanas faoin ICM ná €198.3m, agus an toradh a bhí air sin ná barrachas de €75.8m ar bhonn an ICM.

Bonn um luacháil fhadtéarmach (faisnéis nach bhfuil iniúchta):

Tá sé de rún ag an gComhlacht leanúint ar aghaidh ag soláthar maoinithe de réir mholadh an achtúire chun déanamh cinnte go leanfaidh na scéimeanna ar aghaidh ag feidhmiú agus ag soláthar d’íocaíochtaí pinsin ar bhonn fadtéarmach.

Maidir leis na luachálacha ar an 1 Eanáir 2018 do na cuspóirí maoinithe sin ullmhaíodh iad agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar an modh “aoise sroichte”. Is iad na phríomhbhonn tuisceana achtúireacha a glacadh sa luacháil ná go mbeadh an ráta bliantúil ar an toradh ar infheistíocht ag 1.00% in aghaidh na bliana, go mbeadh an ráta bliantúil ar an toradh ar infheistíocht tar éis scoir ag 1.00% in aghaidh na bliana, agus go mbeadh an méadú ar thuarastal 2.50% le haghaidh 2018-2022 agus 3.0% in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin Beidh méadú de 1.75% in aghaidh na bliana ar íocaíochtaí pinsin. Faoin modh luachála sin ar an 1 Eanáir 2018 ba é méid iomlán na sócmhainní ná €281.8m agus ba é méid iomlán na ndliteanas fabhraithe ná €264.9m. Ba é an toradh air sin ná barrachas comhlán de €16.9m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní: dliteanais) de 106% ar an 1 Eanáir 2018.

Tar éis athbhreithnithe eatramhaigh ar an 1 Eanáir 2019 ba é méid foriomlán na sócmhainní ná €274.1m agus ba é méid iomlán na ndliteanas arna dtomhas de réir an mhodh luachála sin ná €261.2m agus an toradh air sin ná barrachas comhlán de €12.9m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní: dliteanais) amhail an 1 Eanáir 2019 de 105%.

Ullmhófar na chéad luachálacha foirmiúla iomlána eile ar an 1 Eanáir 2021.

(c) CTA 102 – Alt 28 – “Sochair Fostaí”

Rinneadh oibleagáidí sochair sainithe an Chomhlachta a luacháil ag achtúirí neamhspleácha chun críocha alt 28 de CTA 102 bunaithe ar shonraí arna gcur ar fáil um luacháil achtúireach ar na scéimeanna amhail ag an 31 Nollaig 2018. De réir mar a éilítear de réir alt 28 de CTA 102 ullmhaíodh an luacháil agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar modh “na n-aonad creidmheasa réamh-mheasta”. Ós rud é go bhfuil na scéimeanna dúnta d’iontrálaithe nua, tá próifíl aoise na scéime ag dul in airde agus mar sin faoi mhodh na n-aonad réamh-mheasta rachaidh an costas reatha seirbhíse i méid de réir mar a bhogann baill den scéim i dtreo scoir.

Boinn Tuisceana Airgeadais:

Ba iad na príomhbhoinn tuisceana airgeadais chun na hoibleagáidí sochair (dliteanais) a ríomh faoi alt 28 de CTA 102 ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


31 Nollaig 2018

31 Nollaig 2017

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ar oibleagáidí sochair ar lascaine

2.00%

1.90%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar thuarastail

2.5% le haghaidh 2019-2022, 3% ina dhiaidh sin

2.5% le haghaidh 2018-2022, 3% ina dhiaidh sin

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar phinsin arna n-íoc

1.75%

1.75%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe arna gcur siar

1.75%

1.75%

Boilsciú ITB

1.75%

1.75%

Déantar an ráta lascaine arna úsáid chun an dliteanas pinsin a ríomh trí fhéachaint chuig torthaí margaidh ar dháta an Chláir Chomhardaithe ar bhannaí corparáide ardchaighdeáin. Bíonn airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide ar aon dul le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair. Ag féachaint d'fhad oibleagáidí sochair na scéime, glacadh ráta lascaine de 2.00% ar an 31 Nollaig 2018.

Boinn Tuisceana Déimeagrafacha:

Tá na boinn tuisceana maidir leis an ionchas saoil ag am scoir le haghaidh ball leagtha amach thíos:


2018

2017


Blianta Fir

Blianta Mná

Blianta Fir

Blianta Mná

Baill reatha ag 40 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliana d’aois)

24.6

26.5

24.5

26.5

Pinsinéirí reatha ag 65 bliana d’aois (ionchas saoil ag 65 bliana d’aois)

22.4

24.3

22.3

24.2

Sócmhainní Scéime:

Ba é leithdháileadh infheistíochta na sócmhainní ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:

Aicme Sócmhainne


Coibhneas na Scéime

sócmhainní ar an 31 Nollaig 2018

Coibhneas na Scéime

sócmhainní ar an 31 Nollaig 2017

Bannaí

90.93%

83.13%

Maoin

0.13%

0.16%

Eile

8.94%

16.71%


100.0%

100.0%

Faoi CTA102, socraítear an toradh ionchais ar shócmhainní sa mhéid is go bhfuil sé comhionann leis an ráta lascaine.

Ba é luach cóir na sócmhainní pinsin ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


Luach cóir ar

31 Nollaig 2018

Luach cóir ar

31 Nollaig 2017


€’000

€’000

Bannaí

249,258

234,277

Maoin

363

463

Eile

24,503

47,064

Luach Cóir iomlán Sócmhainní

274,124

281,804

Seo a leanas na méideanna atá aitheanta sa ráiteas faoi sheasamh airgeadais:


31 Nollaig 2018

31 Nollaig 2017


€’000

€’000

Luach cóir na sócmhainní scéime

274,124

281,804

Oibleagáid sochair sainithe

(220,943)

(231,217)


53,181

50,587




Léirithe i ráitis airgeadais mar seo a leanas:



Infheistíochtaí – barrachas ar scéimeanna maoinithe (féach nóta 16)

53,181

50,985

Soláthar i gcomhar oibleagáid sochar iarfhostaíochta – scéimeanna neamh-mhaoinithe

-

(398)

Glansócmhainn sochair sainithe

53,181

50,587

Anailís ar na méideanna curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais:


2018

2017


€’000

€’000

Costas (gan ús san áireamh)



Costas reatha seirbhíse

(1,275)

(1,699)

Costas iarsheirbhíse

-

(462)


(1,275)

(2,161)




Glanchostas úis



Ioncam úis ar shócmhainní scéime

5,273

4,878

Ús ar oibleagáidí sochair scéimeanna pinsin

(4,304)

(4,624)

Glanioncam úis

969

254


(306)

(1,907)

Áirítear leis an muirear Brabúis agus Caillteanais an costas/creidmheas seo a leanas mar gheall ar athruithe ar fhorálacha plean:

Costas Iarsheirbhíse: Tháinig costas iarsheirbhíse chun cinn in 2017 de bharr na sochair bhreise a tháinig chun cinn i rith na bliana.

Anailís ar na méideanna atomhais arna n-aithint in Ioncam Cuimsitheach Eile:


2018

2017


€’000

€’000

Toradh ar shócmhainní plean (gan ioncam úis san áireamh)

(4,389)

(525)

Éifeacht choigeartuithe taithí

3,515

(4,692)

Éifeacht athruithe ar bhoinn tuisceana

3,251

40,070

Iomlán na n-atomhas curtha san áireamh in Ioncam Cuimsitheach eile

2,377

34,853

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

€’000

Oibleagáidí sochair

€’000

Glanbharrachas/(glaneasnamh)

€’000

Ar 31 Nollaig 2016

279,998

(268,905)

11,093

Costas reatha seirbhíse

-

(1,699)

(1,699)

Creidmheas iarsheirbhíse

-

(462)

(462)

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(4,624)

(4,624)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

4,878

-

4,878

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

(525)

-

(525)

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

(4,692)

(4,692)

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

40,070

40,070

Ranníocaíochtaí ball

283

(283)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,378)

9,378

-

Ranníocaíochtaí fostóra

6,548

-

6,548

Amhail ag 31 Nollaig 2017

281,804

(231,217)

50,587

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

€’000

Oibleagáidí sochair

€’000

Glanbharrachas/(glaneasnamh)

€’000

Ar an 31 Nollaig 2017

281,804

(231,217)

50,587

Costas reatha seirbhíse

-

(1,275)

(1,275)

Creidmheas iarsheirbhíse

-

-

-

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(4,304)

(4,304)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

5,273

-

5,273

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

(4,389)

-

(4,389)

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

3,515

3,515

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

3,251

3,251

Ranníocaíochtaí ball

310

(310)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,397)

9,397

-

Ranníocaíochtaí fostóra

523

-

523

Amhail ag 31 Nollaig 2018

274,124

(220,943)

53,181

Measann an fostóir go ranníocfaidh siad €0.2 milliún leis na scéimeanna pinsin i 2019.

Anailís Íogaire ar oibleagáidí Sochair Scéime:

Tá íogaire an oibleagáid sochair sainithe d’athruithe ar na bonn tuisceana maidir le mortlaíocht leagtha amach thíos:


2018

Bonn tuisceana atá ann

2018

-1 Bhliain

2018

+1 Bhliain

Ball Fir Reatha ag 40 bliain d’aois

(Ionchas Saoil ag 65 bliana d’aois)

24.6

23.8

25.5

Pinsinéir Fir Reatha ag 65 bliana d’aois

(Ionchas Saoil ag 65 bliana d’aois)

22.4

21.5

23.2

Oibleagáidí sochair (€’000)

220,943

213,101

228,885

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


7,842

(7,942)

Athrú % (mar % den mhéid tosaigh)


3.5%

(3.6%)

Tá íogaire an oibleagáid sochair sainithe d’athruithe ar an ráta lascaine leagtha amach thíos:


2018

Bonn tuisceana atá ann

2018

-0.25%

2018

+0.25%

Ráta Lascaine

2.00%

1.75%

2.25%

Oibleagáidí sochair (€’000)

220,943

229,147

213,089

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


(8,204)

7,854

Athrú % (mar % den mhéid tosaigh)


(3.7%)

3.6%